Sitemap | Print | Accessibility | Privacy Statement | Data Protection | Child Protection |

Conas Bheith Mar Bhall

English

Féadfaidh aon duine den phobal cuairt a thabhairt ar an Leabharlann agus brabhsáil a dhéanamh trínár mbailiúcháin, saor in aisce

Conas a bhím mar Bhall den Leabharlann?

Is féidir le duine ar bith bheith mar bhall den Leabharlann. Ní gá duit ach https://lgma.iii.com/selfrega chomhlánú agus aitheantas a sholáthar a thaispeánann do sheoladh reatha. Beidh ráthóir ag teastáil i gcás daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Cé mhéid a Chosnaíonn sé?

Tá sé Saor in Aisce!

 

Leabhair a fháil ar iasacht

Féadfaidh Daoine Fásta agus Leanaí 10 n-earra, ar an iomlán, an duine a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse 3 seachtaine. Féadfaidh tú DVD amháin a chur san áireamh i measc na 10 n-earra sin, más mian leat.

 

Rochtain ar an Idirlíon

Chun rochtain saor in aisce ar an idirlíon a fháil, is gá duit bheith i do bhall trí https://lgma.iii.com/selfrega chomhlánú agus comhaontú a dhéanamh leis na rialacha agus na rialacháin inár gcáipéis Rialacháin maidir leis an Idirlíon a Úsáid (PDF) - 75 kbs

 

Athnuachaintí

Murar féidir leat d’earraí a thabhairt ar ais laistigh den tréimhse 3 seachtaine, is féidir iad a athnuachan, trí bhualadh isteach nó ar an nguthán, ar dháta ar cheart iad a thabhairt ar ais nó roimh an dáta sin, a fhad agus nár iarr duine eile an t-earra. Ní féidir DVDanna a athnuachan. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú leabhair a athnuachan inár mBrainsí trínár gCatalóg Rochtana Poiblí ar Líne a úsáid nó trí rochtain a fháil ar do chuntas ar ár gcatalóg ar an idirlíon.

 

Leabhar a chur in áirithe

Féadfaidh an custaiméir iarratas a dhéanamh ar aon leabhar murar féidir teacht air ar an tseilf. Is féidir leat iarraidh ar an bhFoireann ag an deasc. Is féidir Ábhar Iasachtaithe ó aon cheann dár leabharlanna a sholáthar, ar iarraidh sin, chuig pé leabharlann a úsáideann tú.

 

Cuimhnigh

Teastaíonn do chárta leabharlainne i gcónaí chun earraí a fháil ar iasacht agus chun na háiseanna ríomhaire a úsáid.

Ní fhéadfaidh tú clárú a dhéanamh ach ag brainse amháin. Féadfaidh tú do chárta a úsáid ag aon cheann de na leabharlanna, áfach.

Ní féidir ábhar tagartha, irisleabhair, irisí agus nuachtáin a thógáil ón leabharlann.

Caithfear íoc as aon earraí a ndéantar díobháil dóibh nó a chailltear.

 

 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional