English

Léiríonn Leabharlanna Shligigh meas iomlán don cheart príobháideachais atá agat, agus ní thaispeánfaidh siad aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan toiliú soiléir a fháil ar dtús uait. Caithfear le haon fhaisnéis a thugann ar bhonn deonach do Chóras Bainistíochta Leabharlanna Chontae Shligigh nó do láithreáin ghréasáin ghaolmhara, de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus cloífidh siad go dian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Cén Fhaisnéis Phearsanta faoi Chustaiméirí a Bhailíonn Leabharlanna Chontae Shligigh?

Is í an fhaisnéis a bhailímid ó chustaiméirí a n-ainmneacha, a seoltaí baile agus a n-uimhreacha guthán póca. I rith roinnt imeachtaí agus gníomhaíochtaí, d’fhéadfaí íomhánna leictreonacha a ghlacadh laistigh de limistéir na mbrainsí éagsúla leabharlainne. Cabhraíonn seo linn chun an t-eispéireas a bhíonn agat ar ár seirbhís a phearsantú agus a fheabhsú go leanúnach, bíodh an tseirbhís sin ar líne trí sligolibrary.ie nó níos traidisiúnta, trínár ndeasca poiblí, an guthán nó ar ríomhphost.

Faisnéis a Thugann tú Dúinn:

Déanaimid aon fhaisnéis a thugann tú dúinn a fháil agus a stóráil nuair a bhíonn ball á dhéanamh díot nó nuair a bhíonn do bhallraíocht leis an leabharlann á nuashonrú nó aon fhaisnéis a thugann tú dúinn ar aon bhealach eile. Féadfaidh tú a roghnú gan roinnt faisnéise a sholáthar, ach b’fhéidir nach mbeidh tú in ann leas a bhaint as an iomaí gné atá againn. Nuair a chláraíonn tú do bhallraíocht, iarraimid ar fhaisnéis phearsanta (ar nós ainm, seolta, uimhir ghutháin phóca etc.). Glactar gach íomhá leictreonach de bhaill na leabharlainne le toiliú na mball atá i gceist, agus iarrtar ar mhionaoiseach, a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí an fhoirm chuí thoilithe a chomhlánú. Úsáidimid an fhaisnéis a sholáthraíonn tú do chuspóirí, ar nós do chuntas a nuashonrú, freagairt do d’iarratais, ár seirbhísí ar líne a shaindearadh duit, feabhas a chur ar ár seirbhísí ar líne, agus cumarsáid a dhéanamh leat.

Sa chás go soláthraíonn úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach, úsáidfear na sonraí ar mhaithe le cuspóirí anailíse, taighde nó seirbhíse do chustaiméirí amháin. Coimeádfar aon sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn i gcomhréir leis na prionsabail chosanta sonraí a leagtar amach san Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, an tAcht um Chosaint Sonraí, 1988, an tAcht um Thráchtáil Leictreonach, 2000, agus reachtaíocht eile ábhartha AE agus na hÉireann.

Má úsáidimid liostaí poist chun faisnéis faoi do chunta(i)s nó faoi phromóisin a sheoladh ar aghaidh chugat faoinár seirbhísí ar líne, beidh meicníocht shoiléir againn i gcónaí duit chun tú féin a bhaint ó chor poist amach anseo.

Cinntíonn Leabharlanna Chontae Shligigh duit go gcoimeádtar aitheantas gach duine a dhéanann teagmháil linn tríd an láithreán gréasáin seo faoi rún: ní dhéanaimid liostaí poist a ligean ar cíos, a dhíol, nó a mhalartú, ná ní nochtaimid an fhaisnéis sin do thríú páirtithe, seachas faoi mar a d’fhéadfaí ceadú de réir an dlí, nó trí chomhoibriú deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí má mheasaimid go dteastaíonn an comhoibriú sin chun calaois nó coireacht eile a chomhrac.

Faisnéis Uathoibríoch:

I dtaobh brabhsáil ghinearálta gréasáin, ní nochtar dúinn aon fhaisnéis phearsanta, cé go bhfuil fáil againn ar roinnt faisnéis staitistiúil trínár logaí láithreán gréasáin. Mar shampla, ar nós go leor láithreáin ghréasáin, faighimid saghsanna áirithe d’fhaisnéis nuair a fhaigheann do bhrabhsálaí gréasáin (píosaí bogearraí iad brabhsálaithe a cheadaíonn rochtain duit ar an idirlíon; i measc na samplaí tá: Taiscéalaí Idirlín (Internet Explorer), Netscape, Opera, Mozilla, etc.) rochtain ar sligolibrary.ie nó ar láithreáin ghréasáin Chomhairle Contae eile, go deimhin. Féach an méid a leanas chun teacht ar shamplaí;

Úsáidtear an Seoladh Prótacal Idirlín (IP) chun do ríomhaire a nascadh leis an idirlíon (mar shampla, 192.168.88.21)
Logáil isteach—má tá leas á bhaint as ár seirbhísí cuntais
Seoladh ríomhphoist—má sheolann tú ríomhphost chuig aon cheann dár seoltaí poiblí ríomhphoist
Faisnéis ríomhaire agus athnasctha, ar nós shaghas agus leagan an bhrabhsálaí, córas oibriúcháin, ardán, an URL atreoraithe agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu.

Ní dhéanfaidh Leabharlanna Chontae Shligigh aon iarracht chun cuairteoirí aonair a shainaithint nó chun na sonraí teicniúla a liostaítear thuas a nascadh le haon duine aonair, seachas i gcásanna inar tharla gníomhaíocht choiriúil (i.e. mar fhreagairt do theagmhas “bradaíola”). Tá sé mar bheartas foriomlán Chomhairle Contae Shligigh gan an fhaisnéis theicniúil sin a nochtadh riamh maidir le cuairteoirí aonair ar láithreán gréasáin do thríú páirtí (seachas i gcás comhlachtaí forfheidhmithe dlí agus sa chás amháin mar fhreagairt do ghníomhaíocht neamhdhleathach, ar nós “bradaíola”; agus i gcás ár Soláthraí Seirbhís Idirlín, a chuireann na sonraí sin i gcuntas thar ár gceann agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith seo), mura bhfuil dualgas orthu an fhaisnéis sin a nochtadh mar gheall ar riail an dlí. Ní bhainfidh Leabharlanna Chontae Shligigh úsáid as an bhfaisnéis theicniúil ach ar mhaithe le cuspóirí staitistiúla agus cuspóirí eile a bhaineann leis an riarachán. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara nach “sonraí pearsanta” iad sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta ar leith chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

An roinneann Leabharlanna Chontae Shligigh an Fhaisnéis a fhaigheann siad?

Is annamh a dhéantar amhlaidh. I gcásanna ina bhfuil sé mar cheanglas reachtúil chun faisnéis a roinnt le gníomhaireacht rialtais nó le húdarás áitiúil eile nó sa chás nach mór d’fhaisnéis a roinnt le gníomhaireacht eile chun ceist chustaiméara a fhreagairt, roinnfear an méid is lú faisnéise a theastaíonn ar bhealach oiriúnach. Go ginearálta, roinntear faisnéis le gníomhaireachtaí eile mar chomhiomlána seachas mar phíosa ar leith sonraí. Féadfaimid a roghnú chun faisnéis uathoibríoch (féach thuas) agus faisnéis eile a eisiúint a fuair an láithreán gréasáin, do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí ar mhaithe le cosaint agus laghdú a dhéanamh ar chalaois. Ní roinnfear faisnéis den saghas seo ach faoi úsáideoirí a rinne díobháil do sligolibrary.ie nó do láithreáin ghréasáin eile na comhairle nó a rinne iarracht amhlaidh a dhéanamh. Ní roinnfí an saghas seo faisnéise ach amháin mar thoradh ar ionsaithe “bradaíola”, calaois nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile.

Ráiteas Cosanta Sonraí KAPOW: maidir le teachtaireacht SMS/ teachtaireacht foláirimh na Leabharlainne.

Cloíonn “Kapow” le hAchtanna um Chosaint Sonraí na dtíortha ina n-oibrímid. (Éire, 1988 agus 2003.)

Tá an ceart ar cosaint ag “Kapow” chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a nochtadh chun na dlíthe infheidhme agus na hiarrataí dleathacha rialtais a chomhlíonadh, chun ár gcórais a oibriú i gceart nó chun ár n-úsáideoirí a chosaint. Anuas air sin, tá an ceart ar cosaint againn chun faisnéis atá in-sainaitheanta ar bhonn aonair do thríú páirtithe a nochtadh sa chás go dtagann gearán chun solais maidir leis an úsáid a bhaineann tú as ár seirbhís(í) agus meastar nach bhfuil an úsáid sin ar aon dul leis an gcáipéis téarmaí agus coinníollacha seo.

Cuireann “Kapow” an Beartas Príobháideachais seo i bhfeidhm ar Láithreán Gréasáin Kapow! mar aon leis na táirgí agus na Seirbhísí a bhaineann leis. Ní dhíolfaimid agus ní sholáthróimid do shonraí (nó do shonraí seolta) d’aon chuideachtaí tríú páirtí.

Ráiteas Cosanta Sonraí SIRSIDYNIX: maidir le sonraí custaiméara/ballraíochta.

Ní dhíolfar, ní léasfar, ná ní dháilfear nó ní nochtfar, ar bhealach elie, Faisnéis Phearsanta do pháirtithe seachtracha mura gceanglaíonn an dlí amhlaidh a dhéanamh. Meastar go bhfuil gach faisnéis aonair faoi rún.

Ní bhaileofar, ní dhíolfar, ní léasfar, ná ní dháilfear nó ní nochtfar, ar bhealach eile, Faisnéis Phearsanta ar mhaithe le cuspóirí tráchtála.

Ní bhaileofar, ní dhíolfar, ní léasfar, ná ní dháilfear nó ní nochtfar, ar bhealach eile, Faisnéis Phearsanta gan an duine aonair a chur ar an eolas. Ag an tráth sin, féadfaidh an duine aonair iarraidh nach roinnfear an Fhaisnéis Phearsanta.

Tá an Ráiteas Príobháideachais seo corpraithe i dtéarmaí chomhaontú ceadúnais SirsiDynix agus chomhaontú seirbhísí tacaíochta SirsiDynix agus tá sé faoina réir.

Cloíonn SirsiDynix le Cód Eitice Chumann Leabharlainne Mheiriceá.

Cloíonn SirsiDynix leis an gcreatlach ‘safe harbor’ amhail a shocraigh Roinn Tráchtála SAM maidir le bailiú, úsáid, agus coinneáil sonraí ón Aontas Eorpach.

Chun teacht ar bhreis faisnéise maidir le beartais chosanta sonraí SIRSIDYNIX agus KAPOW!, déan teagmháil, le do thoil, le sligolib@sligococo.ie

Anailísíocht Google

Úsáideann an láithreán gréasáin seo Anailísíocht Google Analytics (‘Google Analytics’), seirbhís anailísíochta gréasáin a sholáthraíonn Google, Inc. (“Google”). Úsáideann Anailísíocht Google “fianáin”, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an láithreán. Déanfaidh Google an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) a tharchur agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuarascálacha a chur i dtoll a chéile ar ghníomhaíocht an láithreáin ghréasáin d’oibreoirí an láithreáin ghréasáin agus chun seirbhísí eile a sholáthar maidir le gníomhaíocht an láithreáin ghréasáin agus úsáid an idirlíon. Anuas air sin, féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe sa chás go gceanglaíonn an dlí chun amhlaidh a dhéanamh, nó sa chás go bpróiseálann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á gcoimeád ag Google. Féadfaidh tú úsáid fianán a dhiúltú tríd na socruithe oiriúnacha a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara, le do thoil, má dhéanann tú seo, ní bheidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithreáin ghréasáin seo a úsáid. I gcomhréir le www.sligolibrary.ie, tugann tú toiliú go bpróiseálann Google sonraí fút ar an mbealach agus ar na cuspóirí a leagtar amach thuas.