English

Tá Leabharlann Chontae Shligigh tiomanta d’fhaisnéis agus seirbhísí a sholáthar atá go hiomlán inrochtana do chách.

Tá an láithreán gréasáin seo deartha i gcomhréir le Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin W3C WAI agus cloíonn sé le formhór na seicphointí 1,2.

Seo a leanas liosta de shaincheisteanna nach bhfuil réitithe go fóill

  • Tá roinnt ábhar foilsithe ar Fhormáid Doiciméad Iniompartha (pdf). Tá formhór na gcáipéisí PDF neamh-inrochtana, ach táthar ag súil leis an ábhar seo a bheith inrochtana ar bhonn céimnithe.
  • Ní chloíonn córas catalóige na Leabharlainne le Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin W3C WAI. Tá athbhreithniú á dhéanamh againn air seo faoi láthair.

Má theastaíonn faisnéis uait ar fhormáid eile, glaoigh ar Cheanncheathrú Leabharlann Shligigh, le do thoil, ar 071 9111850.

Inrochtaineacht a Choimeád

Tá Leabharlanna Chontae Shligigh agus Comhairle Contae Shligigh tiomanta d’inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo a choimeád agus chun monatóireacht a dhéanamh uirthi. Cuir ar an eolas sinn, le do thoil, má bhíonn aon fhadhbanna agat. Glaoigh ar Leabharlann Shligigh, le do thoil, ar 071 9111850 nó seol ríomhphost chuig sligolib@sligococo.ie